Buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta fógartha
D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta 2026.
Tús curtha leis an ullmhúchán don chéad bhabhta eile den phróiseas pleanála teanga
Chruinnigh na hoifigigh pleanála teanga, Údarás na Gaeltachta, agus Roinn na Gaeltachta le chéile i nGaillimh an leis na chéad seacht mbliana eile den phleanáil teanga a phlé
Folúntas Príomhfheidhmeannaigh Fhoras na Gaeilge
Tá Foras na Gaeilge tar éis folúntas do Phríomhfheidhmeannach na heagraíochta a fhógairt ar Phoistphoiblí.
Plean Gaeilge á fhorbairt ag CLG Bhaile Átha Cliath le cur i bhfeidhm don tréimhse 2027–2030
Dúirt CLG BhÁC go bhfuil dul chun cinn an-mhaith déanta ag clubanna áirithe ó thaobh na Gaeilge de agus go bhfuil siad ag iarraidh tógáil air sin ag leibhéal an chontae anois
Breis is deich mbunscoil timpeall na tíre ag súil le hathrú ina nGaelscoileanna in 2027
Meastar go bhféadfadh an rogha ar oideachas lán-Ghaeilge tuilleadh páistí a mhealladh i dtreo na scoile agus a chinntiú go gcoinneofaí oscailte iad.
Bonn Néill Uí Dhónaill 2026 buaite ag Lorna Johnson na Nua-Shéalainne
Is de bhunadh Éireannach í Lorna a rugadh agus a tógadh i Sasana. Tá sí ag cur fúithi sa Nua-Shéalainn agus ag obair mar chomhairleoir cathrach in Palmerston North.
Cead pleanála tugtha le ‘Ionad Idirnáisiúnta Gaeilge agus Cultúir’ a dhéanamh de choláiste samhraidh
Dúnadh an coláiste samhraidh Gaeilge i gCarraig an Chabhaltaigh in 2017 nuair nár sásaíodh rialacháin maidir le cúrsaí sábháilteachta agus tine agus tá sé folamh ó shin
Éilimh na hóige
Tá glúin nua cainteoirí Gaeilge ag teacht chun cinn atá meáite ar acmhainní cearta a bheith curtha ar fáil don teanga
Bígí Linn & Glacaigí Páirt: Dhá scéim nua seolta ag an Aire Calleary i gCeannáras Fhoras na Gaeilge
Beidh sé d’aidhm ag Bígí Linn deiseanna úsáidte Gaeilge a éascú do phobail a bhfuil tearcionadaíocht acu i bpobal na Gaeilge agus díreoidh Glacaigí Páirt ar thacaíocht a chur ar fáil do ghrúpaí le páirt a ghlacadh i gcaitheamh aimsire i nGaeilge
Pobal na Gaeilge ag seasamh leis na himircigh tar éis ionsaithe
I measc na n-eagraíochtaí a labhair amach bhí Conradh na Gaeilge, An Dream Dearg, Glór na Móna, Laochra Loch Lao CLG agus Ionad Uíbh Eachach, agus iad uile ag cur béim ar luachanna an chomhionannais.